Ciste Séadchomharthaí Pobail 2023

Iarratais le bheith istigh faoin 1 Feabhra 2022

Arched doorway, Killora
B. Doherty
Ogee headed window with carving , St. Kerrils, Cloonkeenkerril
B. Doherty
Transept chapel southern gable arch, over doorway at Abbeygormican
B. Doherty
Work in progress, Kilclooney
B. Doherty
Medieval graveslab, Kilboght
B. Doherty

Fáilteoidh Comhairle Chontae na Gaillimhe i gcomhar le Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta, an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta roimh iarratais ar Chiste Séadchomharthaí Pobail 2023. Cuirtear maoiniú ar fáil leis an scéim deontais chun séadchomharthaí seandálaíochta a chaomhnú, a chothabháil, a chosaint agus slacht a chur orthu.

Úinéirí agus Coimeádaithe

Cuirfear caipiteal riachtanach ar fáil leis an gCiste Séadchomharthaí Pobail chun cuidiú le coimeádaithe séadchomharthaí seandálaíochta a chosaint ar mhaithe le pobail agus leis an bpobal i gcoitinne sa tráth romhainn amach. Tríd na tograí a mholfar déanfar

  • obair chaomhnaithe ar shéadchomharthaí a mheastar iad a bheith suntasach agus a bhfuil tacaíocht ar bhonn práinne de dhíth orthu, a éascú;
  • teacht ar shéadchomharthaí chomh maith le slacht a chur orthu a spreagadh;
  • séadchomharthaí na tíre a neartú chun go mbeidh siad in ann tionchar ón athrú aeráide a sheasamh.

Tá an Roinn ag moladh do lucht na dtograí gné oiliúna scileanna traidisiúnta a chur san áireamh.

Cé atá in ann Iarratas a Dhéanamh?

Is féidir le daoine aonair nó le grúpaí pobail, a bhfuil séadchomharthaí faoina n-úinéireacht nó atá ina gcoimeádaithe iarratas a dhéanamh.

(Is féidir le heagraíochtaí atá maoinithe ag an stát agus atá ag obair i réimse na hoidhreachta iarratas a dhéanamh go díreach chuig an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta i ndáil le tograí lena mbaineann fócas ar leith oidhreachta agus atá chun tairbhe don phobal nó go poiblí.)

Is féidir suas le 100% de chostais na dtograí a mhaoiniú.

Conas Iarratas a Dhéanamh

Ní mór d’úinéirí talún, do choimeádaithe agus do ghrúpaí pobail i gContae na Gaillimhe iarratais a chomhlánú agus a sheoladh ar aghaidh i bhFoirm Word chuig mmannion@galwaycoco.ie, agus úsáid a bhaint as an Ábhar Líne CMF2022(+Ainm an Togra), faoi 12pm Dé Máirt an 8 Feabhra 2022.

Is féidir tuilleadh eolais chomh maith le foirm iarratais CMF-A do dhaoine aonair agus do ghrúpaí pobail a íoslódáil ón PDF atá ar fáil thíos.

Is féidir nasc chuig seisiún eolais taifeadta maidir le maoiniú do ghrúpaí pobail a fháil ANSEO. 

Is féidir eolas a fháil faoi mar is féidir Séadchomharthaí Taifeadta i do cheantarsa a aithint ag an nasc ANSEO

Tá nasc chuig leathanach ar a thaispeántar tionscadail ar éirigh leo  ar fáil ANSEO

Comhairle Bhreise

Chun tuilleadh eolais a fháil nó má tá aon cheist agat maidir le hiarratas déan teagmháil le

Marie Mannion, Oifigeach Oidhreachta, Comhairle Chontae na Gaillimhe    mmannion@galwaycoco.ie 087 908 8387

Bernie Ni Dhochartaigh, Seandálaí Pobail na Gaillimhe

g.c.archaeology@gmail.com 086 1003888.

Tá faisnéis ar fáil ó láithreán gréasáin Rialtas na hÉireann ar www.gov.ie

This page was added on 01/12/2021.

No Comments

Start the ball rolling by posting a comment on this page!

Add a comment about this page

Your email address will not be published.