Sites and monuments Day IRISH

Tá Tionscadal Seandálaíochta Pobail na Gaillimhe ag eagrú turais chuig roinnt suíomhanna agus séadchomharthaí a fuair Maoiniú do Shéadchomharthaí Pobail i gContae na Gaillimhe chun ceiliúradh a dhéanamh ar Lá Idirnáisiúnta na Séadchomharthaí agus na Suíomhanna 2024. Fágfaidh bus Oifigí Comhairle Chontae na Gaillimhe ag 9.30am agus seasfaidh sí in Órán Mór, Baile Átha an Rí, an Galway Plaza agus i mBaile Locha Riach. Tabharfaimid cuairt ar Chill Bhocht, Mainistir Ó gCormacáin agus Goirtín. D’oibrigh Comhairle Pobail Ghoirtín, Grúpa Oidhreachta Reilig Chill Bhocht agus Grúpa Reilig Mhainistir Ó gCormacáin i gcomhar le Tionscadal Seandálaíochta Pobail na Gaillimhe chun maoiniú a fháil chun Pleananna Bainistithe Caomhnaithe a ullmhú agus obair chaomhnaithe a dhéanamh. Is cuma má tá baint agat le tionscadail phobail tú féin, más suim agat sa tseandálaíocht nó san oidhreacht eaglasta, más spéis leat tuilleadh a fháil amach faoi thionscadail chaomhnaithe nó lá deas lán le spraoi a bheith agat, seo leat in éineacht linn. Is turas saor in aisce é seo a bhfuil Oifig Oidhreachta Chomhairle Chontae na Gaillimhe ag tacú leis. Chun áit a chur in áirithe téigh chuig Eventbrite https://www.eventbrite.com/e/galway-county-community-monuments-field-trip-tickets-873472649207?aff=oddtdtcreator nó déan teagmháil le Bernie Doherty ar g.c.archaeology@gmail.com

No Comments

Start the ball rolling by posting a comment on this page!

Add a comment about this page

Your email address will not be published. Required fields are marked *